Dé Luain, Nollaig 27, 2010

Is leis na daoine talamh an BSL

27/12/2010

(English version follows)

Bhí an páirtí sóisialach poblachtánach éirígí géar lena cháineadh faoi mholtaí ón BSL (ESB) chun talamh a dhíol atá faoina n-úinéireacht féin don mhargadh príobháideach. Tagann na ráitis i ndiaidh na nuachta go bhfuil an BSL tar éis díreach níos mó ná 31 acra talaimh i nGaoth Dobhair a chur ar díol. Is é an áisíneacht atá ag díol an liosta réadmhaoine seo faoi láthair ná Campell's Estate Agents ar an Chlochán Liath, Co. Dhún na nGall, agus tá réimse méideanna sna ceithre mhír ó 1.31 acra go 14.9 acra.

Site of the old Gweedore Power Station
Tá an talamh i dtrácht suite i gceantair Ghaoth Dobhar agus Dhún Lúiche agus is é ceann de na míreanna atá ar díol ná suíomh an chumhachtstáisiúighiniúna le móin atá díchóimeáilte anois, i nGaoth Dobhair a d'úsáid móin lámhghearrtha ó fhoinse áitiúil. Tá bealach isteach ag roinnt de na míreanna chuig cladach locha áitiúla chomh maith le éadanas bóthair go dtí an N56, atá ina bhealach artaireach ag ceangailt an-chuid d'iarthair na tíre.

Ag labhairt maidir leis an díolúchán talaimh, dúirt urlabhraí éirígí i dTír Chonaill, Mícheál Cholm Mac Giolla Easbuig, gur chóir stop a chur leis an díolúcháin láithreach. Mhaígh sé gur thalamh faoi úinéireacht stáit atá ann go fírinneach toisc go bhfuil sé liostáilte mar réadmhaoine an BSL, toisc gur chomhlacht fo-stáit atá ann ar a bhfuil an rialtas an scairshealbhóir is mó.

"Is sampla príomha é an díolúchán talaimh seo ag an BSL d'idé-eolaíocht iad siúd atá ag reachtáil na tíre seo, go gcaithfear riachtanas an phobail a íobairt chun leas a thabhairt don infheisteoir príobháideach" a deir an tUasal Mac Giolla Easbuig. "Is cúis náire é go bhfuil iompar den saghas seo ag leanúint ar aghaidh i ndiaidh na praisí ina bhfuil an eacnamaíocht anseo sna Sé Chontae Fichead. Tá sé go huile is go iomlán mí-cheart díolúchán sócmhainní an stáit agus ba chóir dóibh siúd i dTeach Laighean é a stopadh láithreach."

"Chonaic muid cheanna féin an rialtas ag ligeaint do chomhlachtaí príobháideacha leas a bhaint as saibhreas nádúrtha an stáit i bhfoirm tabhartais in aisce €540 billiún de luach ola agus gáis don leithéad d'Ola Shell. Agus fiú i ndiaidh na fianaise treascaí gur theip ar an gcóras caipitleach in Éirinn mar gheall ar an rialtas ag spreagadh amhantraithe réadmhaoine chun gach rud atá le feiceáil a cheannach ar son bhrabúis phríomháidigh amháin, iompar a chuaigh go dtí an bolgán réadmhaoine, arís eile tá an stát ag díol talaimh don tairgeoir is mó, talamh a bhaineann leis na daoine mar is ceart."

Chuir Mac Giolla Easbuig leis "Le dífhostaíocht ard anseo i nDún na nGall agus anseo i gceantar Ghaoth Dobhar is sóchmhainn luachmhar phoiblí é an talamh seo agus ba chóir é a úsáid dá réir sin. Ba chóir don BSL na suíomhanna a ghlanadh amach d'aon éilliúchán atá fágtha i ndiaidh a n-úsáide agus an talamh a thabhairt ar ais don phobal ionas go mbeidh siadsan ábalta cinneadh a dhéanamh ar cén úsáid is fearr atá ann dó. Ní chóir tuilleadh céimeanna a thógaint go dtí go dtéitear i gcomhairle leis an phobal i gceart. I gcomhair pé rud a úsáidfear é is é an bunlíne ná gur leis na daoine an talamh seo agu ní chóir é a dhíol i gcomhair brabúis phríomháidigh."



ESB Land Belongs to the People

The socialist republican party éirígí have been scathing in their criticism of proposals from the ESB to sell land currently under its ownership to the private market. The comments come in the wake of news that the ESB has put just over 31 acres of land in the Gweedore area up for sale. The agent selling this current list of property is Campbell's Estate Agents in Dungloe, County Donegal, and the four lots range in size from 1.31 acres to 14.9 acres.

One of the sites for sale by ESB
The land in question is situated in the Gweedore and Dunlewy areas and one of the lots for sale is the site of the now dismantled turf fired power generating station in Gweedore which used locally sourced hand-cut turf. Some of the lots also have access to the shore of a local lake as well as frontage onto the N56, which is a main arterial route linking much of west of the county.

Speaking in relation to the land sale, spokesperson for éirígí in Donegal, Micheál Cholm Mac Giolla Easbuig said that the sale should be stopped immediately. He claimed that the land was in effect state owned land as it is listed as property of the ESB, a semi-state owned company of which the government is the majority shareholder.

“The sale of this land by the ESB is just another prime example of the ideology of those who run this country that the need of the public must be sacrificed to benefit the private investor” Mr Mac Giolla Easbuig said. “It is a disgrace that such behaviour continues after the mess the economy is in here in the Twenty-Six Counties. Selling off state assets is wholly wrong and those in Lenister House should bring a halt to it immediately."

“We've already seen the government allow private companies to benefit from the states natural wealth in the form of the giving away of €540 billion worth of oil and gas to the likes of Shell Oil. And even after the overwhelming evidence that the capitalist system failed in Ireland due to the government encouraging property speculators to purchase everything in sight solely for private gain, behaviour which led to the property bubble, here we have once again the state selling off land to the highest bidder, land which rightly belongs to the people.”

MacGiolla Easbuig added “With high unemployment in Donegal and here in the Gweedore region this land is a valuable public asset and should be used accordingly. The ESB should clear the sites of any contamination that may remain after its use and hand the land back to the community for them to decide what the best use for it is. No further steps should be made until the local community has been properly consulted. Whatever it is used for the bottom line is that this land belongs to the people and it should not be sold off for private profit."


No comments:

Post a Comment