Dé hAoine, Márta 12, 2010

Tosaíonn Rith 2010 i mBéal Feirste
12/03/10

(English version follows.)

Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge, bhuail na céadta díograiseoirí Gaeilge an bóthar oíche Dé Máirt [9ú Márta] chun tús maith a chur leis an chéad Rith.

I measc an tslua ag glacadh páirte sa rás thiomsaithe airgid bhí iar-chimí poblachtacha, páistí scoile, lúthchleasaithe, oibrithe pobail agus dháréag gníomhaíoch éirígí.


Eagraíodh Rith chun ciste géarghátarach a thógáil do thograí Gaeilge, chomh maith le feasacht chultúrtha. Déanfaidh sé a bhealach ó Bhéal Feirste, ag clúdach 1600km agus ag dul tríd 250 baile móra agus beaga, sula chríochnaíonn sé i gcathair na Gaillimhe ar Lá ’le Pádraig.

Tógann an rás inspioráid ón Korrika, imeacht bliantúil i dTír na mBascach ina nglacann 600,000 duine páirt i ngleadhradh de ghníomhaíochtaí cultúrtha agus reatha dírithe ar thacú leis an Bhascais.

Le linn an Rith, iompróidh na rannpháirtithe baitín coimisiúnaithe go speisialta, atá déanta de dhair phortaigh agus maisithe le fáinne airgid ar a bhfuil na focail “Rith 2010” greanta. Ar gach oíche den rás, tarlóidh imeacht sóisialta faoin teideal Club Rith in áit nua.

Mhol urlabhraí éirígí Ursula Ní Shionnáin na daoine taobh thiar den tionscnamh.

“Is sampla eile é Rith 2010 de staid bheoga na Gaeilge agus is léirchruthú é do shamhlaíocht agus do dhiongbháilteacht na ngníomhaithe taobh thiar d’athbheochan na teanga.

“Ba chóir go dtabharfaidh a oiread daoine agus is féidir tacaíocht agus rannpháirtíocht don Rith agus é taisteal ar fud na tíre sa tseachtain amach romhainn.


“Agus gníomhaithe Gaeilge, idir shean agus óg, ag léiriú a mbród ina dteanga náisiúnta go dathúil, tá na dineasáir aontachtacha i Stormont fós ag cur in éadan an chothromais agus Acht Gaeilge, agus ag an am céanna tá an bhunaíocht i mBaile Átha Cliath ag tabhairt faoi pholasaí teasc is dó ar sheirbhísí a bhfuil géarghá leo do phobal na Gaeilge, go háirithe iadsan ina gcónaí sna Gaeltachtaí.

“Má tá teanga agus cultúr na nGael le hathnuachan arís, caithfear an t-airgead agus na seirbhísí atá de dhíth a sholáthar – is tús maith é bheith ag éileamh do na rudaí sin atá tuilte againn de cheart.”



Rith 2010 Begins in Belfast

As part of Seachtain na Gaeilge, hundreds of Irish language enthusiasts took to the roads of Belfast on Tuesday night [March 9] to give a running start to the inaugural Rith.

Among the crowds who were taking part in the fundraising race were republican ex-prisoners, schoolchildren, athletes, community workers and a dozen éirígí activists.

Rith, which has been organised to raise much needed funds for Irish language projects as well as cultural awareness, will make its away from Belfast, covering 1600km and passing through 250 towns and villages, before finishing in Galway City on St Patrick’s Day.

The race draws its inspiration from the Korrika, an annual event in the Basque Country in which 600,000 people participate in a fanfare of cultural activities and running aimed at supporting the Basque language.


Throughout An Rith, the participants will carry a specially commissioned baton which is made of Irish bog oak and decorated with a sliver ring with the logo of An Rith and the words “Rith 2010” engraved on it. On each night of the race, a special social event called Club Rith will take place in a new location.

éirígí spokesperson Ursula Ní Shionnáin commended those behind the initiative.

“Rith 2010 is yet another example of the vibrant state of the Irish language and is a testament to the imagination and determination of the activists behind the resurgence of the language.

“As many people as possible should support and participate in An Rith as it makes its way around the country over the next week.

“As Irish language activists young and old colourfully display their pride in their national language, the unionist dinosaurs at Stormont continue to oppose equality and an Irish Language Act, while the establishment in Dublin embarks upon a slash and burn policy towards services that are desperately needed by the Irish language community, particularly those living in the Gaeltacht areas.

“If the Irish language and culture is to be rejuvenated further, then the money and services that are desperately needed must be provided – demanding what we are rightfully entitled to is a good start.”

No comments:

Post a Comment