Déardaoin, Feabhra 03, 2011

Pictiúrlann Phobail Chomhroghnach in Anagaire

03/02/2011

(English version follows)

Ar Dé hAoine an 4ú Feabhra, seolfaidh Pictiúrlann Phobail Chomhroghnach a sraith oícheanta scannáin oideachasúla agus feasachta in Anagaire, Co. Dhún na nGall. Beidh an chéad imeacht leis an teideal “The IMF, The Truth!” ar siúl i halla Anagaire agus taispeánfar an scannán ‘The Shock Doctrine’. Tá an scannán bunaithe ar leabhar Naomi Klein leis an ainm céanna agus féachtar ar an bhealach a bhfuil polasaithe “saormhargadh” i ndiaidh ceannais a ghlacadh ar an domhan tríd dúshaothrú.

Labhair eagraí an imeachta Mícheál Cholm Mac Giolla Easbuig faoin oíche ag rá go mbeidh sí ina oíche fhaisnéiseach do gach duine ag freastal uirthi. “An fáth gur roghnaigh Pictiúrlann Phobail Chomhroghnach an t-ábhar seo chun a sraith taispeána scannáin 2011 a sheoladh ná ní amháin go bhfuil sé ábhartha mar gheall ar an ghéarchéim eacnamaíochta ina bhfuil muid ach toisc go bhfuil níos mó agus níos mó ceisteanna ag daoine faoin ghéarchéim sin. Tá na gnáthmhná agus na gnáthfhir ar an tsráid ag iarraidh a bheith eolach faoi cé atá páirteach agus cad iad na móitífeanna atá acu agus níl an t-eolas sin á fhoilsiú ag na meáin chumarsáide” a dúirt sé.

“Féachann an scannán atá á thaispeáint againn , ‘The Shock Doctrine’, ar cén chaoi a bhfuil polasaithe rialtas caipitligh ar nós Meiriceá i ndiaidh ceannais a ghlacadh ar an domhan tríd dúshaothrú a dhéanamh ar thíortha croite ag tubaistí agus ar a ndaoine. Féachann sé ar an chaoi a dhéanann comhlachtaí príobháideacha brabús as tubaistí agus a n-íospartaigh chun an córas caipitleach a choimead ag rith” mhínigh an tUasal Mac Giolla Easbuig. “Tá an CAI (Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta) páirteach sa mheaisín freisin chun an córas céanna a choimead ag obair. Níl a bpáirt i dtíortha le géarchéim airgeadais ar son leasa na ndaoine ach ar son na mbaincéirí agus na scothaicme saibhre. I ndiaidh an scannáin beidh plé againn maidir leis an CAI agus a láithreacht in Éirinn agus cad a bheidh i gceist le sin do mhuintir na hÉireann agus go háirithe muidne anseo i nDún na nGall.

Beidh An Dr. Andy Story as UCD, Shane O’ Curry ó Choiste Dlúthpháirtíochta Mheiriceá Laidinigh agus comhairleoir neamhspleách Thomas Pringle ar tosach leis an phlé.

Lean an tUasal Mac Giolla Easbuig chun a rá “Beidh bia ar fáil againn freisin dóibh siúd ag freastal agus críochnófar an t-imeacht le ceol beo ó amhránaí agus file amhrán Ian Smith atá molta go hard. Mar sin tá muid ag súil nach oíche fheasacht amháin a bheidh ann ach oíche thaitneamhach chomh maith.”

Tosaíonn an t-imeacht i halla Anagaire ag a 7.30i.n. ar Dé hAoine an 4ú Feabhra agus tá fáilte roimh chách. Chun tuilleadh eolais a fháil is féidir leat dul i dteagmháil le Mícheál Cholm Mac Giolla Easbuig ar 0868845476.



Alternative Community Cinema in Annagry

On Friday 4th February, Alternative Community Cinema will launch their 2011 series of educational and awareness film evenings in Annagry, County Donegal. The first event which is entitled “The IMF, The Truth!” will be held in Annagry Hall and will show the film 'The Shock Doctrine'. The film is based on Naomi Klein's book of the same name and is a look at how “free market” policies have come to dominate the world through exploitation.


Organiser of the event Micheál Cholm Mac Giolla Easbuig spoke of the evening saying it would be a very informative one for all attending. “The reason Alternative Community Cinema has chosen this subject to launch its 2011 series of film showings is not only because it is topical given the current economic crisis we are in, but also because people have more and more questions about that crisis. The ordinary women and men on the street want to know exactly who the players involved are and also what their motives are and none that information seems to be forthcoming from the media” he said.

“The film we are showing, 'The Shock Doctrine', looks at how the policies of capitalist governments such as America's have come to dominate the world through the exploitation of disaster shocked countries and their people. It looks at how private companies profit from disaster and their victims to keep the capitalist system running” Mr Mac Giolla Easbuig explained. “The IMF (International Monetary Fund) are also a part of the machine to keep that same system working. Their involvement in financially crisis hit countries is not for the benefit of the people but for the bankers and wealthy elite. After the film we will be having a discussion regarding the IMF and their presence in Ireland and what it might mean for the Irish people and especially us here in Donegal.”

The discussion will be led by Dr Andy Storey of UCD, Shane O'Curry of the Latin American Solidarity Committee and independent Donegal county councillor Thomas Pringle.

Mr Mac Giolla Easbuig went on to say “We will also have food available on the night for those attending and the event will be finished off with live music from acclaimed singer and song writer Ian Smith. So we are hoping it will not only be an informative night for everyone but an enjoyable one too.”

The event begins in Annagry Hall at 7.30pm on Friday 4th February and all are welcome to attend. For more information you can contact Micheál Cholm Mac Giolla Easbuig on 0868845476.

No comments:

Post a Comment