Dé Céadaoin, Eanáir 05, 2011

Ráiteas Athbhliana éirígí

(English version follows)

05/01/2011
éirígíCuireann éirígí beannacht chun a mball agus a dteanntaí ar fud na hÉireann agus thar lear agus gabhann buíochas leo as a n-iarrachtaí dothuirsithe ar son streachailt na poblachta sóisialaí in 2010.
Agus 2011 ag tosú, tá éirígí fós tiomnaithe don streachailt ar son chúlú na Breataine ó na Sé Chondae forghafa agus ar son bhunú poblachta sóisialaí 32-condae.
Ba bhliain mhillteach í an bhliain seo caite do phobail lucht oibre trasna na hÉireann. Thosaigh rialtais Átha Cliath agus Londain, le cabhraú agus neartú ó pharlaimint puipéid na Breataine ag Stormont, thosaigh siad ionsaithe nua ar sheirbhísí poiblí, phoist agus shochair a dhamnóidh glúine le teacht do shaol dúshaothraithe agus bochtanais.
D’imfhálaigh na cáinaisnéisí a nochtadh ag Teach Laighean, Westminster agus Stormont le seachtainí beaga anuas brabús lucht an airgid d’aonturas agus chuir siad an chuid eile den daonra in éadóchas agus ainnise. Maidir leis seo, tá an lucht ceannais díreach ag cur dlús le ráta chur i bhfeidhm na bpolasaithe nualiobrálacha céanna a chruthaigh a ghéarchéim eacnamaíochta reatha sa chéad dul síos.
Le 12 mí anuas bhí na céad chomharthaí den oll-fhrithbheartaíocht, agus fáilte roimpi, do pholasaithe chomhrialtais na heite deise i mBéal Feirste, Baile Átha Cliath agus Londain. Bhí na céadta míle daoine ar na sráideanna ag éileamh nach ndéanfaí íobartaigh den lucht oibre mar gheall ar theip an chaipitleachais.
In 2011, ní mór do phobail agus oibrithe ar fud na hÉireann teacht le chéile ag tógáil feachtas comhordaithe frithbhearta neamhghéilliúil don chlár oibre teasc is dó atá acu siúd i gcumhacht. Má tá an aistroid seo le bheith rathúil beidh uirthi bogadh thar an chorr-agóid sráide agus reitric fheargach.
Creideann éirígí go diongbháilte go bhfuil an cumas ag tréimhse de fhrithbheartaíocht ghéar an phobail i bhfoirm ollagóidí sráide, stailceanna ginearálta agus gnímh easumhlaíochta sibhialta chun stop a chur le clár oibre na gciorruithe atá ag na páirithe polaitíochta i gceannas.
Is í gluaiseacht eagraithe na n-oibrithe, le hacmhainní orgánacha agus airgeadúla gan sárú, is í an gléas is soiléire chun a leithéid de fheachtas frithbheartaíochta a eagrú. Mura bhfuil ceannasaíocht reatha na gceardchumann ábalta nó toilteanach an beart riachtanach a dhéanamh, ní mór í a athrú le ceann a bhfuil.
Seo an uair do ghnímh a bhrúfaidh na daoine ag riaradh na ngiorruithe chun machnaimh ar a ngímh fhrith-shóisialta féin. Ní bhfaighfear éirígí folamh sa mhéid seo. Sa bhliain amach romhainn, beidh éirígí ag cur dlús lena bhfeachtais shocheacnamaíochta ar fud na tíre, go neamhspleách agus i gcomhar le daoine agus eagraíochaí forchéimnitheacha eile.
Cé go n-aithníonn éirígí tábhacht pholaitíoch na hagóide san am seo, aithníonn freisin nach seachadfaidh agóid inti féin an cineál sochaí atá tuilte ag muintir na hÉireann. Ní thabharfaidh frithbheart gan rogha inmharthana aghaidh ar bhunchúiseanna na héathroime agus na héagóra inár sochaí. Tá dualgas ar na heagraíochtaí sin a chuireann in éadan clár oibre na eite deise míniú cad é a dheánfadh siad go difriúl dá mbeadh siad i gcumhacht.
Maidir le éirígí, d’fhoilsigh an páirtí a bpáipéar polasaí Ón Sóisialachas Amháin a Thiocfas Slánú na hÉireann le déanaí. Leagann an páipeár seo amach go gonta ról dochrach an chaipitleachais agus an gá le córas sóisialach, daonna a chur ina áit. Beidh éirígí ag cur na polaitíochta atá in Ón Sóisialachas Amháin a Thiocfas Slánú na hÉireann chun cinn ar fud 2011.
Mar a rinne óna mbunú, leanfaidh éirígí in 2011 ag cur chun suntais nádúr comhghaolmhar na streachailte socheacnamaíochta agus na streachailte ar son neamhspleáchais náisiúnta.
Chuir éirigí an t-éileamh do chúlú na Breataine go seasta ar na sráideanna agus i láthair na ngabhálaithe, ní bheidh aon difear sa bhliain amach romhainn. Is iad láithreacht agus gníomhaíochtaí arm na Breataine, an PSNI agus MI5 in Éirinn, drochíde ar chimí poblachtacha agus cuairteanna ríochas na Breataine ar Éirinn cuid de na ceisteanna ar a mbeidh éirígí i mbun feachtasaíochta in 2011.
Leis sin, beidh éirígí ag obair laistigh de phobail lucht oibre sna Sé Chondae forghafa le mórchumas chumhacht daoine le dúshlán a thabhairt don fhorghabháil a oscailt.
Is féidir le tógáil na hathbheochana cultúrtha, gnaoi daoine a tharraingt ar an Ghaeilge, cur chun cinn na gcluichí Gaelacha, chomh maith le nochtadh struchtúir shóisialta agus eacnamaíochta mhalartacha i bpobail lucht oibre, is féidr leo nádúr an chaidrimh idir saoránaigh na hÉireann agus stát na Breataine a athrú ó bhun go barr.
Is féidir le lucht oibre iad féin coilíneacht Éireannach na Breataine a dhíchobhsú agus an forghabháil a chrith trína saol a bhogadh lasmuigh de chúram an stáit. Trí dhiúltú a teanga a labhairt, idirghníomú lena fórsa póilíneachta, ná dlisteanacht an stáit a aithint, is féidir le daoine athghabháil na hÉireann ag lucht oibre na hÉireann a chur chun cinn.
Shuncáil rialtas na Breataine ollmhéid airgid agus fuinnimh i gclár oibre an normálaithe le giche bliain anuas. Tá an uasphointe bainte amach ag an normálú anois áfach. Is mithid anois an clár oibre sin a chasadh siar.
Trí úsáid chomhordaithe streachailt náisiúnta, shóisialta, eacnamaíochta agus chultúrtha ar fud 2011, is féidir dul chun cinn dáiríre a dhéanamh i dtreo bhaint amach na poblachta sóisialaí.
Ní mór dúinn seo a dhéanamh le chéile mar aicme amháin agus mar phobal amháin. Ar aghaidh linn le chéile.

éirígí New Year Statement

éirígíéirígí extends New Year greetings to its members and supporters across Ireland and beyond and thanks them for their tireless efforts on behalf of the socialist republican struggle in 2010.
As 2011 begins, éirígí remains fully committed to the struggle for a British withdrawal from the occupied Six Counties and the establishment of a 32-county socialist republic.
The last year has been a devastating one for working class communities across Ireland. The Dublin and London governments, aided and abetted by Britain’s puppet parliament at Stormont, have commenced unprecedented attacks upon public services, jobs and benefits that will condemn generations to come to a life of exploitation and poverty.
The budgets unveiled at Leinster House, Westminster and Stormont in recent weeks have deliberately ring-fenced the profits of the wealthy while driving the rest of the population into misery and despair. In this regard, the ruling class are simply accelerating the rate of implementation of the same neo-liberal policies which created the current economic crisis in the first place.
The last 12 months have also seen the first, welcome signs of mass resistance to the policies of the right-wing coalitions in Belfast, Dublin and London. Hundreds of thousands of people have taken to the streets demanding that working people are not made the sacrificial lambs for the failure of capitalism.
In 2011, workers and communities across Ireland need to come together in the building of a coordinated campaign of uncompromising opposition to the slash and burn agenda of those in power. If this fight back is to be successful it will need to move beyond occasional street protests and angry rhetoric.
éirígí firmly believes that a period of intense popular resistance in the form of mass street protests, general strikes and acts of civil disobedience has the potential to stop the cutback agenda of the ruling political parties in its tracks.
The organised labour movement, with its unequalled organic and financial resources, represents the most obvious vehicle for the organisation of such a campaign of resistance. If the current trade union leadership is incapable or unwilling to take the necessary actions, then it must be replaced by one that is.
Now is the time for actions that will force those administering the cuts to reflect upon their own anti-social actions. éirígí will not be found wanting in this regard. In the year ahead, éirígí will be stepping up its own socio-economic campaigns across the country, both independently and through working with other progressive individuals and organisations.
While recognising the importance of the politics of protest at this time, éirígí also recognises that protest alone will not deliver the type of society that the people of Ireland deserve. Opposition without a viable alternative will not address the underlying causes of injustice and inequality in our society. Those organisations which oppose the agenda of the right have an obligation to explain what they would do differently were they in power.
For its part, éirígí recently published its From Socialism Alone Can the Salvation of Ireland Come policy paper. This document sets out succinctly the malign role of capitalism and the need for a humane, socialist system to replace it. éirígí will be promoting the politics contained within From Socialism Alone Can the Salvation of Ireland Come throughout 2011.
As it has done since its foundation, éirígí will continue in 2011 to highlight the inter-related nature of the socio-economic struggle and the struggle for national independence.
éirígí has consistently taken the demand for a British withdrawal onto the streets and into the faces of the occupiers, the year ahead will be no different. The presence and activities of the British army, the PSNI and MI5 in Ireland, the mistreatment of republican prisoners and British royal visits to Ireland are but some of the issues which éirígí will be actively campaigning on in 2011.
In doing so, éirígí will also work within working class communities in the occupied Six Counties to unlock the great potential of people power in challenging the occupation.
The building of the cultural revival, the popularisation of the Irish language, the promotion of Gaelic sports, along with the emergence of alternative social and economic structures within working class communities can radically alter the nature of the relationship between Irish citizens and the British state.
Working people themselves can potentially destabilise Britain’s Irish colony and shake the occupation by moving their lives outside the remit of the state. By refusing to speak its language, interact with its police force, or recognise the state’s legitimacy, the people can advance the re-conquest of Ireland by the working people of Ireland.
The British government has invested a massive amount of energy and money into its normalisation agenda over the last two decades. However, normalisation has now peaked. It is time to roll back that agenda.
Through the coordinated use of national, social, economic and cultural struggle throughout 2011, major progress can be made towards the achievement of the socialist republic.
We must do this together as one class and one people. Ar aghaidh linn le chéile.

No comments:

Post a Comment