Dé Domhnaigh, Lúnasa 09, 2009

Cáineann éirígí bearta imeaglú an PSNI i gcoinne gníomhaíoch polaitiúla Thír Chonaill.
09/08/09

Cháin úrlabhraí éirígí Thír Chonaill Mícheál Mac Giolla Easbuig Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart na hÉireann (PSNI) de bharr a bhfeachtais leanúnach de chiapadh agus imeaglú ar ghníomhaigh pholaitiúla, baill éirígí san áireamh, atá i gcoinne forghabhála leanúnach na Breataine ar na sé contae. D’iarr sé arís ar Shinn Féin agus ar an SDLP a gcuid tacaíochta don PSNI a tharraingt siar.



Bhí Mac Giolla Easbuig ag labhairt tar éis teagmhais a tharla Dé Sathairn in Inis Ceithleann nuair a stopadh roinnt baill d’éirígí agus ceistíodh iad ag an PSNI maidir lena rannpháirtíocht in agóid shíochánta taobh amuigh de dhún baile an PSNI. Cheistigh an PSNI iad freisin maidir lena mballraíocht in éirígí agus a mbainteacht le gníomhachtaí polaitiúla eile don pháirtí.

D’eagraigh éirígí Fhear Manach an léirsiú chun comóradh a dhéanamh ar 38 bliana ó thugadh imthreonnú isteach sna sé contae agus chun agóid i gcoinne reachtaíocht choinneála 28 lá a úsáid agus i gcoinne úsáid philéar phlaisteacha. I measc iad siúd a stop agus a cheistigh an PSNI bhí beirt gníomhaíoch de chuid éirígí ann as Tír Chonaill.

Dúirt Mac Giolla Easbuig: “Tá an iarracht is déanaí den PSNI imeaglú a chur ar ár ngníomhaithe páirtí agus daoine eile atá i gcoinne forghabhála leanúnach na Breataine ar chuid dár dtír do-ghlactha.”

Chur sé leis: “Dúirt na páirtithe polaitiúla a shínigh le Comhaontú Aoine an Chéasta agus atá tar éis dílseachta a thabhairt don PSNI linn go raibh “tús nua don phóilíneacht” anseo. Dúirt siad linn go raibh deireadh leis na laethanta sin de leatroim ar chearta daonna agus de chiapadh polaitiúil agus cur faoi chos.”

“Le míonna beaga anuas, tá an bréag sin nochta le feiceáil ag cách, toisc gur thugadh isteach coinneáil 28 lá agus toisc gur scaoileadh piléir phlaisteacha ag agóideoirí síochánta arís. Tá an PSNI agus arm na Breataine tar éis treisiú a dhéanamh le déanaí ar a mbrú faoi agus imeaglú ar ghníomhaithe polaitiúla. Tá baill éirígí san áireamh agus gníomhaithe polaitiúla eile ina bhfuil sé de mhisneach iontu seasamh suas agus cur i gcoinne forghabháil na Breataine ar ár dtír agus na leatroim ar chearta daonna déanta ag an PSNI agus arm na Breataine, An é seo an “tús nua”ar phóilíneacht a bhí siad ag labhairt faoi?”

“Caithfidh ionadaithe na bpáirtithe sin anseo i dTír Chonaill miniúcháin poiblí a thabhairt ar na fáthanna gur fhan siad ciúin d’ainneoin brú faoi leantach agus leatroim ar chearta daonna ag an PSNI. Caithfidh siad a bheith soiléir an dtugann siad tacaíocht do na bearta sin, an iarracht is déanaí on PSNI chun gníomhaithe polaitiúla as Tír Chonaill a chiapadh agus imeaglú a chur orthu san áireamh, agus má síleann siad go bhfuil a leithéad de ghníomhaíochta le fórsa póilíneachta, mar a thugtar orthu, inghlactha dóibh.”

Chuir sé i gcrích: “Tá an t-am imithe le fada do Shinn Féin agus an SDLP chun admháil go bhfuil a n-aidhm mar dhea deireadh a chur leis an RUC i bhfoirm an PSNI teipthe. Caithfidh siad stop a chur le clúdach polaitiúil a thabhairt do bhearta diansmachtúla agus póilíneacht pholaitiúil an PSNI agus caithfidh siad a gcuid baill a tharraingt siar ón mBórd Póilíneachta agus comhpháirtíocht Póilíneachta mar bheart práinne.”



éirígí slam PSNI intimidation tactics against Donegal political activists


09/08/09

Tír Chonaill éirígí spokesperson Micheál Cholm MacGiolla Easbuig has slammed the Police Service of Northern Ireland (PSNI) for their continued campaign of harassment and intimidation of political activists, including éirígí members, who oppose the continued British occupation of the six-counties. He has also repeated his call to Sinn Féin and the SDLP to withdraw their support for the PSNI.


MacGiolla Easbuig was speaking following an incident on Saturday in Enniskillen where a number of éirígí activists were stopped and questioned by the PSNI about their participation in a peaceful protest outside the towns PSNI barracks. They were also questioned about their membership of éirígí and their involvement in other political activities for the party.


The demonstration was organised by éirígí Fear Manach to commemorate the 38th anniversary of the introduction of internment in the six-counties and to protest against the use by the PSNI of 28 day detention legislation as well as their continued use of plastic bullets. Amongst those who were stopped and questioned by the PSNI were two éirígí activists from Donegal.



MacGiolla Easbuig said: “This latest attempt by the PSNI to intimidate our party activists and others who continue to oppose the ongoing British occupation of part of our country is unacceptable.”



He added: “Those political parties that signed up to the Good Friday Agreement (GFA) and who have given their allegiance to the PSNI told us that a ‘new beginning to policing’ was now here. They told us the days of human rights abuses and political harrassment and repression were over.”





“Over recent months, that lie has been clearly exposed for all to see, as 28 day detentions have been introduced and as plastic bullets have been fired at peaceful protesters once more. The PSNI and British army have also intensified in recent times its repression and intimidation of political activists. This has included éirígí members and other political activists who have dared to stand up and oppose the British occupation of our country and the human rights abuses committed by the PSNI and the British army. Is this the “new beginning” to policing they were speaking of?”



“The representatives of those parties here in Donegal need to publicly explain why they have remained silent in the face of continuing repression and human rights abuses by the PSNI. They need to make clear whether they support such tactics, including the latest attempt by the PSNI to harass and intimidate political activists from Donegal, and whether they believe such activity by a so-called police force is acceptable to them.”



He concluded: “It is long past time for Sinn Féin and the SDLP to admit that their professed aim of reforming the RUC out of existence has failed miserably. They must cease giving political cover to the repressive tactics and political policing of the PSNI and they need to withdraw their members from the Policing Board and Policing partnerships as a matter of urgency.”

No comments:

Post a Comment