Dé Luain, Lúnasa 31, 2009

Labhraíonn Tommy McKearney i ndiaidh cruinnithe Aifreann sa Chlochán Liath ar Chonradh Liospóin

(english version follows)


Ag labhairt ag cruinniú eagraithe ag éirígí sa Chlochán Liath ag éileamh ar vóta Níl sa reifreann i Mí Dheireadh Fómhair, dúirt eagraí Cheardchumainn na nOibrithe Neamhspleácha Tommy McKearney nach bhfuil sé de ghustal ag Éire ligeant don Eoraip a bheith cinnte maidir lenár gcomhlíonadh. "Le ceann dena daonraí agus eacnamaíochtaí is lú san Aontas Eorpach, ní féidir le hÉire cáil a fháil ó chomhlíonadh i gcónaí nuair a ordaíonn na stáit atá níos mó é sin a dhéanamh agus sin an rud a tharlóidh má athraíonn muid an cinneadh tógtha ag ár ndaoine i 2008", dúirt sé.


Bhí an cruinniú sin ceann de sraith chruinnithe de chruinnithe Aifreann curtha ar siúl lasmuigh de Shéipéal an Chlocháin Liath ar oíche Shathairn agus maidin Domhnaigh. Labhair urlabhraí éirígí Thír Chonaill Micheal Cholm MacGiolla Easbuig ag na cruinnithe freisin.

"Cuimhnigh," lean sé, "dá mba rud é gur athraíodh an conradh seo go mór ó dhiúltaigh muid é i 2008,
bheadh ar na pobail ar an Aontas Eorpach vóta a chaitheamh air arís. Tá muid, mar sin, ag vótáil ar an gconradh céanna. Seo conradh a dhéanann idirdhealú in aghaidh oibrithe agus i bhfábhar na baincéirí, amhantraithe agus gnóthaí móra trí thacú le hiomaíocht roimh shaothar." "Cén fáth, an dóigh leat, go bhfuil Michael Leary ag infheistiú €500,000 san fheachtas Tá," arsa McKearney.

Dúirt sé go bhfuil na páirtithe comhrialtais atá ag tabhairt comhairle dúinn vótáil Tá ag tabhairt le tuiscint go gcuirfear amach as an Aontas Eorpach muid agus go mbeidh muid brúite amach ón euro má theipeann orainn. Tá sé seo bréagach amach is amach. Ní féidir muid a dhíbirt agus muid ag feidhmiú ár gceart daonlathach Níl a rá agus ní chaillfidh muid an euro tríd an gconradh seo a dhiultiú.

"Breithnigh gur iad na páirtithe comhrialtais atá ag tabhairt comhairle dúinn ar vótáil, na daoine oll-neamhfhulangacha céanna atá i gceannas ar thubaiste ár ngeilleagair agus atá meáite anois ar reachtaíocht NAMA a thógaint isteach chun na baincéirí agus na hamhantraithe a tharrtháil agus iad tar éis an méad sin a dhéanamh chun muid go léir a scrios."

Chríochnaigh sé ag rá gur bhain muintir na hÉireann úsáid as a ndea-chiall agus dhiúltaigh siad bulaíocht an uair dheireannach a vótalaíodh ar an gconradh seo agus gur chóir dúinn an rud céanna a dhéanamh i Mí Dheireadh Fómhair.



Tommy McKearny addresses after mass meetings in Dungloe on Lisbon Treaty

Speaking at a meeting organised by éirígí in Dungloe to call for a No vote in October’s Lisbon referendum, Independent Workers Union organiser Tommy McKearney said that Ireland cannot afford to allow Europe take our compliance for granted. “With one of the smallest populations and economies in the European Union, Ireland must not earn a reputation for meekly rolling over when ordered to do so by the bigger states and that is what will happen if we change the decision delivered by our people in 2008” he said.



The meeting was one of a series of after mass meetings held outside Dungloe chapel on Saturday evening and Sunday morning. Tír Chonaill éirígí spokesperson Micheal Cholm MacGiolla Easbuig also addressed the meetings.

“Let us remind ourselves,” he continued, “that if this treaty had been significantly altered since we rejected it in 2008, the peoples of the EU would have had to vote on it again. We are, therefore, voting on the same treaty. A treaty that by endorsing the right of competition over that of labour, discriminates against workers and in favour of bankers, speculators and big business.” “Why do you think Michael O’Leary is investing €500,000 in the Yes campaign?” McKearney asked.

He said that the coalition parties advising us to vote Yes are implying that if we fail to do so we shall be expelled from the European Union and forced out of the Euro. That is simply untrue. We cannot be expelled for exercising our democratic right to say No and we shall not lose the Euro for objection to this treaty.

“Don’t lose sight of the fact that the coalition parties now advising us on how to vote are the same grossly incompetent people that have presided over the collapse of our economy and are now hell bent on introducing the NAMA legislation in order to rescue the bankers and speculators who have done so much to ruin us all.”

He concluded by saying that the people of Ireland had used their good sense and refused to be bullied the last time this treaty was voted on and we should do the same again in October.

No comments:

Post a Comment