Déardaoin, Lúnasa 27, 2009

Pól Brennan – Íobartach an Neamhghnímh Pholaitiúil
27/08/09

(English version follows.)

I ndiaidh eitilt anróch ó champa géibhinn i Texas SAM to haerfort na Sionnaine, thuirling Pól Brennan, fuar agus i ngeimhle, ar fhód na hÉireann den chéad uair i 25 bliain Dé hAoine seo caite [21ú Lúnasa].

Chaith an t-iarchime cogaidh poblachtach ó iarthar Bhéal Feirste, a throid feachtas bríomhar in éadan eisachadadh ó SAM, chaith sé an 18 mí deireanach i gcampa géibhinn ar an ábhar suarach go raibh cead oibre as dáta aige.

Tá Pól ar dhuine de na hiar-chimí polaitiúla Éireannacha ar dhírigh SAM orthu le haghaidh díbirt mar gheall ar a gcur i gcoinne gníomhach do fhorghabháil na Breataine ar na Sé Chondae.

É ina phoblachtach le haosacht ar fad, theith Pól ón oirthuaisceart i ndiaidh éalú dána le 37 poblachtach eile ó na Bloic-H in 1983.

Bhí sé ar an teitheadh i dTuaisceart Mheiriceá agus, sna 1990í, cuireadh faoi ghlas i bpríosúin i SAM agus é ag troid in éagan eiseachadta.

Nuair a d’éirigh rialtas na Breataine as a n-iarrachtaí Pól a eiseachadadh in 2000, shocraigh sé i California lena bhean Mheiriceánach Joanna Volz agus d’oibrigh mar shiúinéir i gceantar Bhá San Francisco.

Togann cás Phóil agus iarchimí polaitiúla eile neart ceisteanna. Aon bhliain déag ó shiniú Chomhaontú Aoine an Chéasta agus ceithre bliana i ndiaidh iarracht teipthe ar reachtaíocht le ceist ‘an lucht teite’ a réiteach, tá siadsan i Stormont, na mandairíní i Whitehall agus rialtas Átha Cliath chomh fada siar ó réiteach is atá siar ann.

In 2005, bhí aontú tosaigh ar reachtaíocht a chuimsigh maithiúnas do bhaill de fhórsaí stáit na Breataine a raibh baint acu i maraithe stáit agus claonpháirtíocht le dronga báis aontachtacha. Tréigeadh an reachtaíocht seo i láthair chur i gcoinne ó theaghlaigh a bhí i mbun feachtais ar son na fírinne faoi ról na Breataine i mbás a rúnsearca. Tá aimhrialtacht tugtha ar cheist ‘an lucht teite’ ach, cosúil le neart cásanna eile, i ndáiríre tá polaiteoirí na bunaíochta ag seachaint na ceiste.

Cuireann éirígí beannacht dlúthpháirtíochta chun Pól agus Joanna san am anacair seo. Fiú ag an phointe mall seo, ba chóir ligean dó filleadh ar a theaghlach i SAM chun go mbeadh siad ábalta leanúint leis an saol atá tógtha acu dóibh féin.


Pól Brennan – A Victim of Political Inaction



After a gruelling flight from a Texan detention centre in the USA to Shannon airport, Pól Brennan, shackled and cold, arrived on Irish soil for the first time in 25 years last Friday [August 21].

The Irish republican ex-POW from west Belfast, who fought a vigorous campaign against extradition from the US has spent the past 18 months in a detention centre for the petty reason of having an expired work permit.

Pól is one of a number of Irish former political prisoners targeted in the US for deportation because of their active opposition to the British occupation of the Six Counties.

An Irish republican all his adult life, Pól fled the North of Ireland after a daring escape with 37 other republicans from the H-Blocks in 1983.

He went on the run to North America and, during the 1990s, was incarcerated in jails in the US while fighting extradition.

After the British government dropped its attempts to extradite Pól in 2000, he settled in California with his US wife Joanna Volz and worked as a carpenter in the San Francisco Bay area.

Pól’s case and that of other former political prisoners raises many questions. Eleven years after the signing of the Good Friday Agreement and four years after a failed attempt at legislation to resolve the issue of the ‘On the Runs’, those in Stormont, the mandarins at Whitehall and the Dublin government are still no closer to a resolution.

In 2005, legislation was initially agreed upon that included an amnesty for members of British state forces who were involved in state killings and collusion with unionist death squads. This legislation was dropped in the face of strong opposition from families who have been campaigning for the truth about Britain’s involvement in the deaths of their loved ones. The issue of the On the Runs has been called an anomaly, but, similar to many other issues, it is a case of establishment politicians burying their heads in the sand.

éirígí sends solidarity greetings to Pól and Joanna at what must be a difficult time. Even at this late stage, he should be allowed to return to his family in the US so that they can get on with the life they have built for themselves.

No comments:

Post a Comment