Déardaoin, Meitheamh 24, 2010

Cur in aghaidh Lá Fhórsaí Míleata na Breataine

24/06/2010

(English version follows)

Ghlaoigh urlabhraí éirígí Thír Chonaill Mícheál Cholm Mac Giolla Easbuig i gcomhair cur in éadan forleathan in aghaidh Lá Fhórsaí Míleata na Breataine, atá le bheith ar siúl Dé Sathairn an 26ú Meitheamh 2010.


Bhí sé ag labhairt i mbéal an imeachta atá chun a bheith ar siúl, mar a deireann Arm na Breataine, “chun Fórsaí Míleata na Breataine a cheiliúradh agus a onórú.” Chun an t-imeacht a mharcáil i mbliana ardófar brat Fhórsaí Míleata na Breataine os cionn Halla Cathrach Bhéal Feirste agus beidh leirsiú in aghaidh marcála an lae ar siúl taobh amuigh Dé Sathairn ag a 12 tráthnóna.

Dúirt an tUasal Mac Giolla Easbuig, “Tá sé draosta imeacht mar seo fiú a mholadh in Éirinn, fiú fós sna sé chontae forghafa sa Tuaisceart, le cuntas teiste scanrúil agus fada airm na Breataine ar a gcóir ar mhuintir na hÉireann.”

“Díreach an tseachtain seo caite chonaiceamar foilsiú fiosrúcháin Saville a bhfaca bunaíocht na Breataine ag admháil na fírinne faoin ionsaí fíochmhar ar léirsitheoirí chearta sibhialta neamhurchóirdeacha i Mí Eanáir 1972 nuair a dhúnmharaigh Arm pearsanra na Breataine 14 sibhialtach gan arm i nDoire, agus fós creideann siad gur fiú onóir a thabhairt don fhórsa seo,” dúirt sé.


“Ní teagmhais aon uaire déanta ag Arm na Breataine iad na teagmhais seo. Ach míonna roimhe, dhúnmharaigh an reisimint chéanna a rinne an sléacht ar Dhomhnach na Fola 11 sibhialtach sagart san áireamh i mBaile Uí Mhurchú, Béal Feirste. Níos lú ná cúig mhí tar éis Domhnaigh na Fola, rinne saighdiúirí Briotánacha sléacht ar chúigear sibhialtach eile i gCnoc na Foinse, iarthar Bhéal Feirste, beirt pháiste san áireamh. Thóg siad an t-iompar sádach céanna a chothaigh siad in Éirinn ar fud an domhain leo. Chuaigh siad as a gcrann cumhachta san Iaráic agus leanann siad ar aghaidh á dhéanamh san Afganastáin inniu.”

Chríochnaigh sé, “Is masla é do theaghlaigh iad siúd a mharaigh siad tríd glúine de riail impiriúlach ar fud an domhain agus anseo in Éirinn, Lá Fhórsaí Míleata na Breataine a chur ar siúl. Tá sé beartaithe go gcuirfidh an léirsiú i mBéal Feirste Dé Sathairn teachtaireacht shoiléir chuig na fórsaí míleata Briotánacha nach bhfuil aon chúis bhróid acu agus is brúidiúlacht é le cúis náire dóibh. Spreagfainn gach duine atá in aghaidh impiriúlachas iarracht a dhéanamh dul go Béal Feirste agus a ndéistin a thaispeáint don fhórsa míleata brúidiúil seo. Ba chóir Arm na Breataine a cháineadh de bharr an bhrúidiúlacht a rinne siad thar na blianta agus a leanann siad á dhéanamh inniu, agus is am foirfe é an Sathairn guth a thabhairt don cháineadh sin agus teachtaireacht shoiléir a chuir chuig bunaíocht na Breataine nach bhfuil fáilte roimh a láithreacht anseo in Éirinn.”


Oppose British Armed Forces Day

Spokesperson for éirígí Tir Chonaill, Micheál Cholm Mac Giolla Easbuig, has called for for widespread opposition to British Armed Forces Day, which is due to be held on Saturday 26th June 2010.


He was speaking in the lead up to the event which is to be held to, as the British army say, “celebrate and honour the British Armed Forces”. This year to mark the event the flag of the British Armed Forces will be raised above Belfast City Hall and a demonstration against the marking of the day is due to be held outside it this Saturday at 12 noon.

Mr Mac Giolla Easbuig said, “It is obscene to even suggest holding such an event in Ireland, even in the still occupied six counties of the North, given the British army's appalling and lengthy track record of its treatment of the Irish people.”

“Only last week we seen the publication of the Saville inquiry which seen the truth finally admitted by the British establishment of the horrific attack on innocent civil rights marchers in January 1972 when British army personnel murdered 14 unarmed civilians in Derry, and yet they believe this is a force worth honouring,” he said.


“Such incidents at the hands of the British army are far from one offs. Only months before, the same regiment who committed the massacre on Bloody Sunday murdered 11 civilians including a priest, in Ballymurphy, Belfast. Less than five months after Bloody Sunday, British soldiers massacred another 5 civilians in Springhill, West Belfast, including two children. And the sadistic behaviour they nurtured in Ireland they shipped world wide. They ran amok in Iraq and continue to in Afghanistan today.”

He concluded, “Holding a British Armed Forces day is an insult to the families of all those they have slaughtered through centuries of imperialist rule throughout the world and here in Ireland. The demonstration in Belfast this coming Saturday is intended to send a clear message to the British Armed forces that they have nothing to be proud of and if anything, a brutality which they should be thoroughly ashamed of. I would urge all those opposed to imperialism to make the effort to get to Belfast and show their disgust for this brutal military force. The British Army should be roundly condemned for the brutality they have carried out over the years and continue to carry out to this today, and this Saturdays protest will be the ideal time to voice that condemnation and send a clear message to the British establishment that their presence is not welcome here in Ireland.”

No comments:

Post a Comment