Dé Sathairn, Aibreán 24, 2010

Bí leis an fhrithbheartaíocht do NAMA.
24/04/2010

(English version follows)

Ag meánlae Dé Luain 24ú Aibreán 1916, tháinig Pádraig Mac Piarais amach as Ard-Oifig an Phoist agus léigh os ard Forógra 1916 Phoblacht na hÉireann, ag maíomh gur ‘ceart ceannasach dochloíte é ceart mhuintir na hÉireann chun seilbh na hÉireann’ agus ag gealladh go mbeadh an phoblacht nua “chomh ceanúil céanna ar chlann uile an náisiúin”.


Ceithre bliana is nócha níos moille, tá aisling na ndaoine a shínigh forógra 1916 stiallta. Tá na Sé Chondae fós faoi smacht Gall agus tá stat na Sé Chondae Fichead anois tiontaithe ina Phoblacht NAMA, ag daoradh na nglúnta faoi fhiacha ollmhóra.

I dTír Chonaill tá breis agus 21,000 duine go fóill gan post. Bhí ar chuid mhaith eile imeacht ar an bhád bhán, go háirithe daoine óga, nach bhfuil ábalta maireachtáil i ndiaidh na ngiorruithe móra ina n-íocaíochtaí leasa sóisialta. Tá an bochtanas ag méadú. Tá slad déanta ar ár dtionscail iascaireachta agus feirmeoireachta. Forchuireadh giorruithe fiáine ar ár seirbhísí sláinte agus oideachais áitiúla.

Níl a fhios ag aon duine, rialtas Átha Cliath san áireamh, cén méid a chosnóidh NAMA agus scéim tharrthála na mbancanna sa deireadh, ach seans maith go sáróidh sé céad billion euro. Is é sin €100,000,000,000 ar chóir a chaitheamh ag cruthú postanna, ag díothú bochtanais agus ag aisiompú na ngiorruithe i bpá, leasa sóisialta, sláinte agus in oideachas. Ina áit rachaidh sé isteach i bpócaí na mbaincéirí príobháideacha ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin.

Ní féidir ach le muintir na hÉireann iad féin bac a chur ar NAMA, trí dhul ar na sráideanna agus fanacht ar na sráideanna; trí dhul ar stailc; trí dhiúltú cáin a íoc; trí dhiúltú bheith faoi cheannas aicme polaitiúla truaillithe; trí phoblacht dhíomách NAMA a chur faoi chois.

Díreach ceithre bliana is nócha i ndiaidh Éirí Amach 1916 a thosaigh ar 24ú Aibreán tá éirí amach nua de dhíth ar mhuintir na hÉireann chun aisling 1916 a chur i gcrích. Ná fan ar duine eile é a dhéanamh. Bí leis an fhrithbheartaíocht do NAMA.




Join the Resistance to NAMA

At midday on Easter Monday April 24th 1916, Padraig Pearse stepped out of the GPO and read aloud the 1916 Proclamation of the Irish Republic, declaring 'the right of the people of Ireland to the ownership of Ireland' and guaranteeing that the new republic would cherish “all of the children of the nation equally”.


Ninety four years later, the dream of those who signed the 1916 proclamation lies in tatters. The Six-Counties remain occupied by Britain while the Twenty-Six County state has been turned into a NAMA Republic, enslaving generations to come with massive debts.

In Donegal, 21,000+ people remain unemployed. Many more have been forced to emigrate, particularly young people, unable to survive following massive cuts in their social welfare payments. Poverty is on the increase. Our fishing and farming industries have been decimated. Savage cuts have been imposed in our local health and education services.

Nobody, including the Dublin government, knows how much NAMA and the bank bail out scheme will ultimately cost, but it may well exceed a staggering one hundred billion euro. That is €100,000,000,000 that should have been spent creating jobs, eradicating poverty and reversing the cutbacks in pay, social welfare, health and education. Instead it will go into the pockets of private bankers across Europe and beyond.

The only people that can stop NAMA are the Irish people themselves, by taking to the streets and staying on the streets; by striking; by refusing to pay taxes; by refusing to be ruled by a corrupt political class; by bringing the whole sorry NAMA republic to its knees.

Exactly ninety-four years after the 1916 Rising began on April 24th the people of Ireland need a new rising to make the dream of 1916 a reality. Don't wait for someone else to do it. Join the resistance to NAMA.


No comments:

Post a Comment