Dé Céadaoin, Aibreán 07, 2010

Cuimhníonn Béal Feirste ar 1916
07/04/10

(English version follows)


Bhailigh cúpla céad duine i mBéal Feirste Luan na Cásca [5ú Aibreán] le cuimhniú orthusan uilig a thug a saol ar son saoirse na hÉireann.

Ag teacht le chéile ag geataí Reilig Bhaile an Mhuilinn ar Bhóthar na bhFál, rinne an slua a mbealach chuig plásán poblachtánach Harbinson faoi threorú bhuíon fliúite poblachtach Chill Chaoil, áit ar cuireadh tús leis na himeachtaí.


Bhí leas-chathaoirleach náisiúnta éirígí Rab Jackson ina chathaoirleach ar an imeacht agus chuir sé tús trí bhéim a leagan ar na príosúnaigh phoblachtacha i gCarcar Mhaigh gCabraí, a thosaigh agóid in éadan na gcoinníollacha scáfara.

Léigh Maire Drumm, a raibh ina príosúnach polaitiúil in Ard Mhacha, léigh sí Forógra Phoblacht na hÉireann sular leagadh bláthfhleasca thar cheann chiorcal náisiúnta éirígí, éirígí Bhéal Feirste agus na n-iarchimí poblachtacha.


Léigh Pádraic Mac Coitir, iar-fhear pluide agus iarchathaoirleach ar Chumann Uaigheann na Laochra Gael, Béal Feirste, léigh sé an phríomh-oráid.

Chun téasc iomlán oráid Mhic Choitir a léamh, cliceáil anseo.


Belfast Remembers 1916

Several hundred people gathered in Belfast on Easter Monday [April 5] to remember all those who gave their lives in the cause of Irish freedom.

Assembling at the gates of Milltown Cemetery on the Falls Road, the marchers made their way to the Harbinson republican plot led by the Kilkeel republican flute band, where proceedings got underway.


éirígí national vice-chairperson Rab Jackson chaired the event and began by highlighting the plight of the republican prisoners in Maghaberry Jail, who had begun a protest against appalling conditions.

The Proclamation of the Irish Republic was read by former Armagh political prisoner Maire Drumm, before wreaths were laid on behalf of éirígí’s ciorcal naisiúnta, éirígí Béal Feirste and republican ex-prisoners.


The main oration was read by one-time blanketman and former chair of the Belfast National Graves Association Pádraic Mac Coitir.

To read the full text of Mac Coitir’s speech, click here.

No comments:

Post a Comment