Dé Máirt, Bealtaine 25, 2010

ÁGÓID OSPIDÉIL LEIFIR: MAOINIGH ÁR N-OSPIDÉIL - NÍ NA BAINC

25/05/2010
Dúirt urlabhraí éirígí Thír Chonaill Mícheál Cholm Mac Giolla Easbuig gur chur mórshiúl agus slógadh mór Dé Domhnaigh le haghaidh coinneála ospidéil Leifir teachtaireacht ghlórach chuig Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus a máistrí polaitiúla i dTeach Laighean, nach bhfuil an t-ospidéal le dúnadh, agus go bhfuil orthu ár n-ospidéil a mhaoiniú in ionad na bainc.


Bhí sé ag caint i Leifear tar éis páirt a ghlacadh sa slógadh agóide le baill agus gníomhaígh eile éirígí.
Dúirt Mac Giolla Easbuig: "Tá rialtas Fhianna Fáil ag díchoimeáil agus ag scriosadh an chórais shláinte go rianúil. Níl gá amháin le haisiompú a gciorrú, ach tá gá le huasghrádú ar ár n-ospidéil agus seirbhísí riachtanacha agus soláthar ar fhoirne riachtanacha agus acmhainní nach bhfuil ann faoi láthair."


Chuir sé leis: "Tá polasaí ginearálta ollscriosadh ag Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas i dtreo seirbhísí sláinte poiblí go ginearálta. Tá íosghrádú á dhéanamh ar ospidéil agus iad ag dúnadh go hiomlán. Tá laghdú á dhéanamh ar sheirbhísí agus tá siad á bhogadh níos faide as baile ó phobail áitiúla. Tá dúnadh bardaí, baint leapaí, laghdú foirne agus gearradh siar á dhéanamh ar chúnamh baile chun aird a tharraingt ach ar an bheagán."
"Ná bíodh aon dul amú ann, tá todhchaí ospidéil phobail Leifir i mbaol ollmhór. Má tá muid chun stop a chur lena dhúnadh, 'sí cumhacht an phobail an t-aon bhealach chun é a dhéanamh. Ba thús iontach é mórshiúl agus slógadh an lae inniu ach caithfear an móiminteam a chothabháil agus a threisiú ar na sráideanna."


Chríochnaigh Mac Giolla Easbuig: "Chuir na mílte daoine a mhairseáil tríd Leifear inniu teachtaireacht ghlórach agus shoiléir chuig Fianna Fáil agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. An teachtaireacht sin ná ár n-ospidéil a mhaoiniú, ní na bainc. Mar phobal tá ár ndothain faighte againn de na ciorraithe sláinte fíochmhara seo agus ní ghlacfaidh muid le dúnadh nó laghdú ar sheirbhísí in ospidéal Leifir. Tá seirbhís shláinte den chéad scoth tuillte againn atá so-aimsithe agus ar fáil do chách bunaithe ar riachtanas leighis an duine, ní ar shaibhreas an duine."


No comments:

Post a Comment