Dé Luain, Bealtaine 10, 2010


Cuireann éirígí McDaid i leith sotal agus béalchrábhadh in argóint ar phinsean
10/5/10

(English version follows)

Chuir urlabhraí éirígí Tír Chonaill Micheál Cholm MacGiolla Easbuig TD Fhianna Fáil Thiar-Thuaidh Jim McDaid i leith “sotal” agus “béalchrábhadh náireach”. Tháinig a chuid ráitis tar éis diúltiú McDaid stop a chuir lena tharraingt phinsin airí in ainneoin pá a fháil fós mar TD.

Dúirt MacGiolla Easbuig: “Níl deireadh le sotal McDaid. In ainneoin go bhfuil sé fós ag fáil tuarastal ollmhór agus costais ón ról atá aige mar TD i dTeach Laighean, tógann McDaid an seasamh go bhfuil sé i dteideal pinsean airí a fháil agus diúltaíonn sé scaradh leis an ioncam sin.”

Chuir sé leis: “Go deimhin, i ngníomh béalchrábhadh náireach, cuireann McDaid i leith iad siúd atá ag tabhairt dúshlán don seasamh atá aige, ag rá go bhfuil siad i mbun géarleanúint. Fós, seo an Teachta Dála céanna nach raibh aon leisce aige páirt a ghlacadh agus tacaíocht a thabhairt do ghéarleanúint a pháirtí in aghaidh oibrithe na hearnála poiblí agus faighteoirí leasa shóisialaigh. Seasann McDaid ar a thuarastal áibhéalach, a chostais agus a phinsean a choimead. Fós, níl aon leisce aige tacaíocht a thabhairt do chiorraithe ar phá oibrithe, ar leas sóisialach agus ar bhuiséid riachtanacha sláinte agus oideachais, agus atá soiléir óna thacaíocht iomlán i bhfábhar an bhuiséid is déanaí agus is fíochmhara forchurtha ag a pháirtí.”


“Óna thúr eabhar, rinne sé iarracht go poiblí níos mó ainnise a chuir ar oibrithe ar phá íseal, ag éilimh go ndéantar laghdú ar an íosphá atá ar leibhéal íseal cheanna féin.”

Chríochnaigh sé: “Is rudaí tipiciúla iad a shotal agus a bhéalchrábhadh de mheon an rialtais seo i dtaobh muintir na hÉireann. Cé nár chruthaigh oibrithe agus faighteoirí leasa shóisialaigh an géarchéim eacnamaíochta reatha seo óna tháinig oll-dífhostaíocht, 20,000+ anseo i nDún na nGall, agus imirce ónár dtír arís, tá McDaid agus Fianna Fáil ag iarraidh go n-íocfaidh siad praghas a bpolasaithe eacnamaíochta agus tá siad ag iarraidh a nósanna maireachtála, atá rachmasach agus áibhéalach, agus a bhfuil sé féin agus a chomhghuaillithe gnó cleachtaithe ar, a choimead”.



éirígí accuse McDaid of arrogance and hypocrisy over pension row
10/5/10


éirígí Tír Chonaill spokesperson Micheál Cholm MacGiolla Easbuig has accused Fianna Fáil North East TD Jim McDaid of “arrogance” and “staggering hypocrisy”. His comments came following McDaid's refusal to stop drawing down a ministerial pension despite still still being in receipt of his salary as a TD.

MacGiolla Easbuig said: “The arrogance of Deputy McDaid knows no bounds. Despite the fact that he continues to receive a massive salary and expenses from his role as a TD in Leinster House, McDaid insists that he is entitled to receive a Ministerial pension and refuses to relinquish that income.”

He added: “Indeed, in act of staggering hypocrisy, McDaid goes on to accuse those challenging his position of engaging in a 'witch hunt'. Yet this is the same Deputy who had no hesitation in taking part and supporting his party's witch hunt against public sector workers and social welfare recipients.”


“McDaid insists on keeping his extravagant salary, expenses and pension. Yet he has been an enthusiastic supporter of cutbacks in workers pay, in social welfare and in essential health and education budgets, as evident by his complete support of the most recent and savage budget imposed by his party.”

“From his ivory tower, he has also publicly sought to heap further misery on low paid workers, demanding to have the minimum wage reduced from its already low level.”

He concluded: “His arrogance and hypocrisy is typical of this administrations attitude to the Irish people. While workers and social welfare recipients did not create the current economic crisis which has resulted in mass unemployment, 21,000+ here in Donegal, and emigration from our shores once again, McDaid and Fianna Fáil want them to pay the price for their economic policies in order to maintain the wealthy and extravagant lifestyle that he and his political and business cronies have become accustomed to.”


No comments:

Post a Comment