Dé Máirt, Bealtaine 04, 2010

Aibhsíonn éirígí imní faoi gháscheantair ar tír féideartha
04/05/2010

(English version follows)

D’athluaigh urlabhraí éirígí Thír Chonaill Micheál Cholm Mac Giolla Easbuig éileamh an pháirtí go náisiúnaítear ár n-acmhainní nádúrtha go léir. Chuir se a ghuth féin freisin leis an imní faoi phleanna chun cuardach do ghás ar tír anseo san iarthuaisceart, anseo i gcondae Dhún na nGall san áireamh.

Bhí sé ag freagairt an chuiridh phoiblí a thug an TD Conor Lenihan, Aire Stáit ag an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha don tionscal peitriliaim iarratas a dhéanamh ar roghanna ceadúnaithe chun cuardach a ligean sa cheantar ar feadh a fhad le dhá bhliain.


Cuimsíonn an ceantar codanna de chondaethe Dhún na nGall, Shligigh, Liatroma, an Chabháin, Mhaigh Eo, Ros Comáin agus Mhuineacháin.

Dúirt Mac Giolla Easbuig: “Arís eile, tá an chuma ar an rialtas seo go bhfuil siad chun buaileadh faoi phobail áitiúla ar fud an iarthuaiscirt. Is féidir leis an tóir ar ghás ar tír sa réigiún seo, a chuimsíonn codanna de Deisceart Dhún an nGall, agus astarraingt an gháis sin má fhaightear é, is féidir leis dochar ollmhór timpeallachta a dhéanamh agus bheith ina bhagairt ar shláinte agus shábháilteacht na bpobal áitiúil atá i gceist. Ach níor dearnadh aon chomhairliúchán ceart leis na pobail seo.”

Lean sé: “Is é deireadh an tsoiscéil anseo ná gur le muintir na hÉireann na hacmhainní nádúrtha luachmhara seo. Má tá siad le bheith astarraingthe ón talamh, caithfear seo a dhéanamh i gcomhairle le pobail áitiúla, ar bhealach atá slán agus neamhdhíobhálach don timpeallacht. Ní líonann taifead rialtas comharbasach ná chomlachtaí taiscéalta i dtaca leis seo daoine le muinín áfach.”

Chuir sé leis: “Tá muid i lár chúlú eacnamaíochta faoi láthair. Tá dífhostaíocht i nDún na nGall go fóill i bhfad níos mó ná 20,000 ach tá níos mó arís ag imeacht ar an bhád bhán ag cuardach oibre. Tá an bochtanas ag dul i méadaíocht. Forchuireadh giorruithe fiáine phá agus leasa sóisialta. Tá ár seirbhísí sláinte agus oideachas á scoradh. Ach faoin réimeas céadúnaithe reatha, ní rachaidh aon ghás a fhaightear chun sochair mhuintir na tíre seo. Ina áit, tá na cearta ar an shaibhreas ollmhór seo tugtha ar shiúl go náireach ag Fianna Fáil do chomhlachtaí ilnáisiúnta príobháideacha móra, ag ligean dóibh brábach ollmhór a chruthú dá scairshealbhóirí agus muintir na hÉireann thíos leis.

“Is féidir agus ba chóir an saibhreas seo a úsáid leis na giorruithe fiáine phá agus leasa shóisialta a aisiompú agus le postanna a chruthú agus stad a chur le heisimirce na n-óg. Ba chóir é a úsáid chun smol náireach an bhochtanais atá ag méadaú go fóill a dhíothú. Ba chóir é a úsáid chun seirbhísí fearastúla sláinte agus oideachais a churthú a bhfuil ar fáil do gach duine ar bhonn riachtanais, in áit shaibhreas dhuine. I mbeagán focal, ba chóir é a úsáid chun sochaí níos cothroime a chruthú, sochaí atá chomh ceanúil chéanna ar chlann uile an náisiúin ar aon dul le Forógra 1916, le caighdéan maireachtála níos fearr do chách,”

Chríochnaigh sé: “Caithfear stad a chur leis an phróiseas iomlán seo má muid chun coimhlint cosúil leis sin atá ar siúl i leathinis Iorrais a sheachaint. Caithfidh comhairliúchán ceart le pobail áitiúla tosú agus caithfidh Lenihan agus a chairde i bhFianna Fáil agus sa Chomhaontas Glas ár n-acmhainní nádúrtha UILIG a náisiúnú, gáscheantar na Coiribe agus éadáil ar bith ar tír nó i bhfarraige amach anseo san áireamh.”


éirígí highlight concerns over possible onshore gas fields

éirígí Tír Chonaill spokesperson Micheál Cholm MacGiolla Easbuig has re-iterated the party's calls for all our natural resources to be nationalised. He also added his voice to concerns over plans to prospect for onshore gas here in the north-west, including here in county Donegal.

He was responding to the public invitation by Conor Lenihan T.D., Minister of State at the Department of Communications Energy and Natural Resources to the petroleum industry to apply for licensing options to allow prospecting in the area for up to two years.

The area includes parts of counties Donegal, Sligo, Leitrim, Cavan, Mayo, Roscommon and Monaghan.


MacGiolla Easbuig said: “Once again, this administration appears set to proceed on a collision course with local communities throughout the north-west. The search for gas onshore in this region, which includes parts of South Donegal, and the extraction of that gas if discovered, has the potential to cause major environmental damage and pose serious risks to the health and safety of the local communities involved. Yet no proper consultation was carried out with these communities.”

He added: “The bottom line is that these valuable natural resources belong to the Irish people. If they are to be extracted from the ground, then this must be done in proper consultation with local communities, in a manner that is safe and is environmentally friendly. However, the record of successive administrations and of exploration companies in this regard, does not fill people with confidence.”

He added: “We are currently in the midst of an economic recession. Unemployment in Donegal remains well above 20,000 with many more having to once again emigrate to find work. Poverty is on the increase. Savage welfare and pay cuts have been imposed. Our health and education services are being slashed. Yet under the current licencing regime, any gas that is discovered, will not benefit the people of this country. Instead, Fianna Fáil have shamefully given away the rights to this vast wealth to large private multinational companies, allowing them to create massive profits for their shareholders at the expense of the Irish people.”

“This wealth, estimated to be more than €500 billion, could and should be used to reverse the savage welfare and pay cuts and to create jobs and stem the flow of young people emigrating. It should be used to eradicate the shameful blight of poverty that continues to increase. It should be used to create efficient health and education services that are accessible and available to all based on need, as opposed to a person's wealth. In short, it should be used to create a fairer society, one that cherishes all the children of the nation equally in line with the 1916 proclamation, with a better standard of living for all.”

He concluded: “This entire process needs to be halted if a conflict similar to what is ongoing in the Erris peninsula is to be avoided. Genuine consultation with local communtities must commence and Lenihan and his Fianna Fáil and Green party cronies need to nationalise ALL our natural resources, including the corrib gas field and any future on or off shore finds.”


No comments:

Post a Comment