Dé hAoine, Bealtaine 14, 2010

Eisimirce agus Arm na Breataine – Réiteach an Stáit 26 contae ar olldhífhostaíocht
14/5/2010

(English version follows)

D’éiligh urlabharaí éirígí Tír Chonaill Mícheál Mac Giolla Easbuig go bhfuil an chuma ar gur é réiteach an stáit 26 contae ar an ghéarchéim dífhostaíochta ná comhcheangail de iallach a chur ar dhaoine óga dul ar imirce agus daoine a spreagadh chun dul isteach in arm na Breataine.

Dúirt Mac Giolla Easbuig: “Tá muid i lár géarchéime eacnamaíochta ar an oileán seo nach bhfuil feicthe againn riamh. Tá níos mó ná 500,000 gan obair, níos mó ná 21,000 i nDún na nGall amháin, ach theip ar an chomhrialtas, atá faoi stiúir Fhianna Fáil, go hainnis chun dul i ngleic leis an ghéarchéim seo agus aon fhostaíocht inbhuanaithe a chruthú.”

Chuir sé leis: “In ionad é seo an rud atá feicthe againn ná iarracht réamhbheartaithe ag an rialtas seo iallach a chuir ar dhaoine óga dul ar imirce. B’iad ráitis náireacha a thug Tánaiste Mary Coughlan do chlár ‘Hard Talk’ BBC i Mí Feabhra ná “nár drochrud” eisimirce.”


“Tá polasaí an rialtais dírithe ar dhaoine óga a scaoileadh amach as obair. Muna bhfuil sé olc go leor a bpostanna a chailliúnt, laghdaíodh a leas sóisialta go dtí €100 in aghaidh na seachtaine agus €150 dóibh siúd faoi 21 agus ó 22-24 faoi seach, ag déanamh é beagnach dodhéanta maireachtáil ar leas sóisialta anseo. Tá iallach ar na mílte daoine atá ag síniú do leas sóisialaigh fanacht ar suas go dtí 16 seachtaine sula bhfaigheann siad an méid beag seo. Tá na bearta seo go léir dírithe ar iallach a chur ar dhaoine óga dul ar imirce chun fíor mhéid an dífhostaíochta sa tír seo a chur i bhfolach.”

“Beart náireach eile ná an foilsiú go raibh FÁS bainteach le seoladh litreacha chuig daoine dífhostaithe ag cur daoine ar an eolas faoi dheiseanna fostaíochta in arm na Breataine. Seachas go bhfuil an rud atá déanta acu mídhleathach, tá sé uafásach go síleann gníomhaíocht stáit cosúil le FÁS go bhfuil sé oiriúnach a bheith mar gníomhaíocht earcaíochta d’arm na Breataine.”

“Tá arm na Breataine freagrach as slad na mílte saoránach san Afganastáin, san Iaráic agus anseo in Éirinn. Tá trúpaí na Breataine fós ag forghabháil cuid dár dtír. Úsáidtear na spéartha os cionn Fear Manach agus Tír Eoghain chun a bpíolótaí a thraenáil le haghaidh misean san Afganastáin, fad is atá aonaid faoi cheilt na Breataine ath-imscartha, ach go háirithe An Reisimint Taiscéalaíocht Speisialta, agus ag feidhmiú arís ar thalamh na hÉireann..”

Chríochnaigh sé: “Feall Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas ar dhaoine dífhostaithe go dona. Ní eisimirce agus daoine a óga a spreagadh le dul isteach i meaisín dúnmharaithe airm na Breataine an réiteach ar an ghéarchéim dífhostaíochta. Toisc go bhfuil áthas ar Mary Coughlan agus ar a comhghleacaithe mílte dár ndaoine óga a fheiceáil ag dul ar imirce nó a bheith mar fhodair ghunna do mhíleata na Breataine, nochtaíonn sé clisiúnas morálta agus polatiúil an rialtais seo.”



Emigration & British army – 26-county state solution to mass unemployment

éirígí Tír Chonaill spokesperson Micheál Cholm MacGiolla Easbuig has claimed that the 26-county states solution to the unemployment crisis appears to be a combination of forcing young people to emigrate and encouraging people to join the British army.

MacGiolla Easbuig said: “We are in the midst of an unemployment crisis on this island like we have never seen before. More than 500,000 people are jobless, more than 21,000 here in Donegal alone, yet the Fianna Fáil led coalition has failed miserably to tackle this crisis and create any sustainable employment.”

He added: “Instead what we have seen is a deliberate attempt by this administration to force young people to emigrate. In what can only be described as shameful comments, Tánaiste Mary Coughlan told BBC's 'Hardtalk' programme in February that emigration was “not a bad thing”.”


“Government policy has been aimed at squeezing young people who are out of work. If losing their jobs was not bad enough, young people then had their dole reduced to €100 a week and €150 a week for under 21's and 22-24 year olds respectively, making it virtually impossible to survive on the dole here. Thousands of people signing on are forced to wait up to 16 weeks before they recieve this pittance. All of these measures are aimed at forcing young people to emigrate in order to hide the true extent of unemployment in the country.”

“A further shameful move was the revelation that FÁS were involved in the sending of letters to unemployed people advising them of job opportunities in the British army. Aside from the fact that what was done is illegal, it is appalling that a state agency such as Fás believe it appropriate to become a recruiting agency for the British army.”

“The British army is responsible for slaughtering thousands of civilians in Afghanistan, Iraq and here in Ireland. British troops continue to occupy part of our country. The skies above Fermanagh and Tyrone are been used to train their pilots for missions in Afghanistan while undercover British army units, most notably the Special Reconnaissance Regiment (SRR), have been re-deployed and are operating once again on Irish soil.”

He concluded: “Fianna Fáil and the Greens have failed the unemployed miserably. Emigration and encouraging young people to enlist in the British army murder machine is not a solution to the unemployment crisis. The fact that Mary Coughlan and her colleagues are happy to see thousands of our young people emigrate or serve as cannon fodder for the British military exposes both the moral and political bankruptcy of this administration.”

No comments:

Post a Comment